Comhghairdeas le Gaelcholáiste Mhic Shuibhne, Aonad lán-Ghaeilge i gColáiste Pobail Traolach Mhic Shuibhne i gCorcaigh, ar buaiteoirí Ghradam Joe McDonagh BOOÉ

Comhghairdeas le Gaelcholáiste Mhic Shuibhne, Aonad lán-Ghaeilge i gColáiste Pobail Traolach Mhic Shuibhne i gCorcaigh, ar buaiteoirí Ghradam Joe McDonagh BOOÉ iad a cheiliúrann Gaeilge, Cultúr na hÉireann agus Oidhreacht na hÉireann i scoileanna na mBord Oideachais & Oiliúna. Bhronn an Taoiseach Michéal Martin an gradam orthu inniu.

Ag labhairt dó ag an ócáid, mhol Uachtarán Boird Oideachais & Oiliúna na hÉireann Pádraig Gearóid Ó Murchú an scoil as a cur chuige comhpháirtíochta leis an bhfoireann, tuismitheoirí agus scoláírí, Conradh na Gaeilge agus gnólachtaí áitiúla. Mhol sé freisin an Príomhoide Phil O’Flynn agus an fhoireann agus na scoláirí go léir i nGaelcholáiste Mhic Shuibhne as Croíluachanna BOO a léiriú – Barr Feabhais san Oideachas, Meas, Cúram, Comhionannas agus Pobal.

Dúirt Paddy Lavelle, Ard-Rúnaí, Boird Oideachais & Oiliúna Éireann “Tá ríméad orm gur éirigh le BOOÉ tacú le forbairt agus fás na Gaeilge anseo. Léirigh Gaelcholáiste Mhic Shuibhne an tionchar is féidir le grúpa scoláirí díograiseacha a imirt ina scoil agus ina bpobal áitiúil ”.

Tugtar an dámhachtain in ainm Joe McDonagh, iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Príomhfheidhmeannach, BOO Mhaigh Eo, Shligigh & Liatroma, nach maireann, agus gaeilgeoir díograiseach agus curadh an Oideachais, CLG, agus teanga, cultúr agus oidhreacht na Gaeilge.

Congratulations to Gaelcholáiste Mhic Shuibhne, an Aonad lán-Ghaeilge in Terence MacSwiney Community College in Cork

Gaelcholáiste Mhic Shuibhne are winners of the ETBI Joe McDonagh Award which celebrates Irish Language, Irish Culture and Irish Heritage in our ETB schools. The award was presented to them by An Taoiseach Michéal Martin today.

Speaking at the event, President of Education & Training Boards Ireland Patrick Gerard Murphy commended the school for its partnership approach with staff, parents and students, Conradh na Gaeilge and local businesses. He also praised Principal Phil O’Flynn and all the staff and students in Gaelcholáiste Mhic Shuibhne for showcasing the ETB Core Values of Excellence in Education, Respect, Care, Equality and Community. 

Paddy Lavelle, General Secretary of Education & Training Boards Ireland noted “I am delighted that ETBI has been able to support the development and growth of the Irish Language here. Gaelcholáiste Mhic Shuibhne has demonstrated the impact an enthusiastic group of students can have within their school and local community”.

The award is given in the name of Joe McDonagh, former Chief Executive Officer of County Galway VEC, late Chief Executive of Mayo, Sligo & Leitrim ETB, and enthusiastic gaeilgeoir and champion of Education, the GAA, and Irish language, culture and heritage.