ETBI Open Call for Submissions

ETBI are currently putting together a proposal for a 30-minute documentary with TG4 and we want you to be involved. We want to bring the story of our Education & Training Boards to viewers across the country and show how diverse the ETB education community is, from primary schools to adult education.

What we’re looking for?

We want to hear your learner stories that have an Irish language element. To represent the inclusive and diverse nature of ETBs, we want to feature learners who represent Ireland in 2024. We are particularly interested in stories that showcase the excellent work being done in education and training across our ETBs and how this has had an impact on the lives of our learners.

This could potentially include people who:

  • speak Irish, but who are not necessarily first generation Irish;
  • may have moved to the country in recent years or decided to learn the Irish language later in life;
  • have an interesting education or training path and are fluent in Irish;
  • are learning Irish as part of a prison education initiative;  
  • are located on one of our Islands
  • fly the flag for the Irish language/culture through their work or involvement in the community

ETBs are the largest providers of education through Irish at post primary level in the State, and this is the perfect opportunity to highlight and build upon this strength. We are also interested in learner stories with a strong Irish language element from our community national schools, within FET and across ETB youth services.  

Requirements

We are open to hearing any and all learner stories, however, they will need to meet some criteria:

  • Be comfortable speaking some Irish on camera.
  • Be an ETB learner (i.e. community national school, post primary school, FET, Youthreach, prison education etc.)
  • Have an interesting/ compelling story about their education path.
  • Be willing to participate in any media / promotion relating to the documentary.

The documentary itself will be at least 50% in Irish.

How to apply?

Please submit details and a maximum 500 words on your nominated learner, including details on:

  • why their story is interesting / unique?
  • biographical and contact information about the nominee, including their name, age, where they are living, their connection with the ETB.
  • why they should be included in the documentary.

You can submit any number of learner stories, but they must meet the requirements listed above.

Please submit initial application via the website portal before the closing date on Friday 28th June.

Any applications must have the approval of CE or relevant Director.

Between 3-5 stories in total will be selected to feature as part of this documentary

We envisage the documentary will be broadcast and also sit on the TG4 player.

Glao Oscailte BOOÉ ar Aighneachtaí

Tá BOOÉ ag cur togra le chéile faoi láthair le haghaidh clár faisnéise 30 nóiméad le TG4 agus ba mhaith linn go mbeifeá páirteach ann. Ba mhaith linn scéal ár mBord Oideachais & Oiliúna a insint do lucht féachana ar fud na tíre agus a thaispeáint cé chomh héagsúil agus atá an pobal oideachais BOO, ó bhunscoileanna go hoideachas aosach.

Cad atá á lorg againn?

Ba mhaith linn scéalta a chloisteáil ó fhoghlaimeoirí a bhfuil gné Ghaeilge iontu. Chun nádúr ionchuimsitheach agus éagsúil na mBOOnna a léiriú, ba mhaith linn foghlaimeoirí a chur san áireamh a dhéanann ionadaíocht ar Éirinn in 2024. Tá suim ar leith againn i scéalta a léiríonn an obair iontach atá á déanamh maidir le hoideachas agus oiliúint ar fud ár mBOOnna agus an tionchar a bhí aige sin ar shaol ár bhfoghlaimeoirí.

D’fhéadfadh go n-áireofaí leis sin daoine:

  • a labhraíonn Gaeilge, ach ní gá gur Éireannaigh den chéad ghlúin iad;
  • b’fhéidir gur bhog siad chun na tíre seo le blianta beaga anuas nó gur chinn siad ar an nGaeilge a fhoghlaim níos déanaí sa saol;
  • go bhfuil cosán spéisiúil oideachais nó oiliúna acu agus go bhfuil Gaeilge líofa acu;
  • go bhfuil siad ag foghlaim Gaeilge mar chuid de thionscnamh oideachais príosúin;
  • atá lonnaithe ar cheann dár n-oileáin;
  • a sheasann an fód ar son na Gaeilge/an chultúir trína gcuid oibre nó a rannpháirtíocht sa phobal.

Is iad BOOnna na soláthraithe oideachais is mó trí Ghaeilge ag leibhéal iar-bhunscoile sa Stát, agus is deis iontach í seo chun aird a tharraingt ar an neart sin agus tógáil air. Tá suim againn freisin i scéalta ó fhoghlaimeoirí a bhfuil gné láidir Ghaeilge iontu ónár scoileanna náisiúnta pobail, laistigh de BOO agus ar fud sheirbhísí óige BOO.

Riachtanais

Táimid sásta aon scéal ó fhoghlaimeoirí a chloisteáil ach beidh orthu roinnt critéar a chomhlíonadh, áfach:

  • Bheith compordach ag labhairt roinnt Gaeilge os comhair ceamara.
  • Bheith ina f(h)oghlaimeoir BOO (i.e. scoil náisiúnta phobail, iar-bhunscoil, BOO, Cumasóige, oideachas príosúin srl.)
  • Scéal thar a bheith spéisiúil a bheith acu faoina gconair oideachais.
  • Bheith sásta páirt a ghlacadh in aon agallamh sna mheáin/fheachtas bolscaireachta a bhaineann leis an gclár faisnéise.

Beidh an clár faisnéise féin 50% ar a laghad i nGaeilge.

Conas iarratas a dhéanamh?

Cuir isteach sonraí agus 500 focal ar a mhéad ar d’fhoghlaimeoir ainmnithe, lena n-áirítear sonraí maidir le:

  • cén fáth a bhfuil a scéal suimiúil/uathúil?
  • eolas beathaisnéise agus teagmhála faoin ainmní, lena n-áirítear a ainm, a aois, an áit a bhfuil siad ina gcónaí, an ceangal atá acu leis an BOO.
  • cén fáth ar chóir iad a chur san áireamh sa chlár faisnéise

Is féidir leat aon líon scéalta foghlaimeoirí a chur isteach, ach ní mór dóibh na riachtanais atá liostaithe thuas a chomhlíonadh.

Cuir isteach iarratas tosaigh trí thairseach an tsuímh gréasáin anseo roimh an dáta deiridh ar Dé hAoine 28ú Meitheamh.

Ní mór faomhadh POF nó Stiúrthóir ábhartha a bheith ag aon iarratais.

Roghnófar idir 3 -5 scéal san iomlán le bheith mar chuid den chlár faisnéise seo.

Samhlaímid go gcraolfar an clár faisnéise agus go mbeidh sé le feiceáil ar sheinnteoir TG4 chomh maith.