Fóram Feasa 2026
Fóram Feasa (Comhthionscnamh BOOÉ agus COGG)
Is tionscnamh ceannródaíoch líonraithe agus pobail cleachtais é Fóram Feasa do mhúinteoirí agus ceannairí scoile in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá an tionscnamh seo á chur ar fáil go bródúil ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus tá sé oscailte do gach scoil.
Cuirtear fáilte mhór roimh oideachasóirí ó scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge a bheith mar bhall de phobal a labhraíonn an Ghaeilge, a roinneann paisean don teagasc agus don fhoghlaim, agus atá tiomanta do na dúshláin a shárú agus tacú lena chéile.
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Fóram Feasa ag obair i gcomhpháirt le hIonad Tacaíochta Oideachais Luimnigh agus beidh múinteoirí agus ceannairí scoile in ann dul díreach chuig suíomh greasáin an ionad oideachais.
Tá an sceideal iomlán thíos. Beidh aoichainteoir ag gach seisiún chun dea-chleachtas a roinnt agus beidh plé oscailte ina dhiaidh sin.
Torthaí foghlama
Éireoidh le rannpháirtithe:
– Foghlaim ó mhúinteoir ábhair reatha i scoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta.
– Acmhainní agus noda a bhailiú ón aoichainteoir agus ó na rannpháirtithe eile.
– Plé a dhéanamh faoi na topaicí is mó tóir orthu san ábhar.
– Riachtanais a nochtadh agus lámh chúnta a lorg agus a thabhairt.
– A bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais ar líne go leanúnach.
Téanaimid ort ar an bhféasta foghlama inár dteannta!
Ceisteanna:
Gean Gilger Gean.Gilger@etbi.ie
Toirdealbhach Ó Lionáird toirdealbhach@cogg.ie


