President Catherine Connolly Celebrates Student Vision and Leadership at Landmark ETBI Irish-Medium Gathering in Galway
On Tuesday 3 March, Education and Training Boards Ireland (ETBI) proudly hosted Muintearas ’26, a dynamic national celebration of student voice across Irish-medium schools in the ETB sector. The event, held in The Connacht Hotel, Galway, as Seachtain na Gaeilge gets underway, brought together students and educators under the powerful theme, “Ar bhFís don Todhchaí: Ceiliúradh ar Ghuth an Scoláire i scoileanna lán-Ghaeilge na mBord Oideachais agus Oiliúna.”
(Our Vision for the Future: Celebrating the Student Voice in Irish-Medium Schools of the Education and Training Boards.)
See event highlights from Áras an Uachtarán here.
Full release in Irish below


The event was honoured by the presence of Catherine Connolly, President of Ireland, who presented prizes to participating schools and engaged warmly with students throughout the day.
President Connolly said about the event, “Tugann sé misneach agus dóchas dhom, mar Uachtarán na hÉireann, go bhfuil sé soiléir go dtuigeann na daoine óga chomh tábhachtach is atá sé meas a bheith mar bhunús d’aon idirghníomhaíocht daonna, go mbeadh muid ábalta glacadh go measúil le cúlraí agus féiniúlachtaí éagsúla, agus gurbh ón mbunchloch sin a fhásfaidh sochaí chneasta chineálta na Todhchaí.”
Gean Gilger, Coordinator of Muintearas ’26, reflected on the impact of the event, “Today demonstrated the extraordinary capacity of young people to think critically and compassionately about the world around them. Muintearas ’26 gave students a powerful opportunity to meaningfully discuss issues that are close to their hearts, through Irish, and with confidence. When students realise that their ideas are being listened to at a national level, it strengthens not only their belief in themselves, but also their belief in the value of their language and their education. The energy in the room today was inspiring.”











Guthanna an Todhchaí i lár an aonaigh ag Muintearas’26
Déanann an tUachtarán Catherine Connolly ceiliúradh ar ‘fhís na scoláirí le haghaidh Éire na todhchaí’ ag seóthaispeántas náisiúnta do scoileanna lán-Ghaeilge
Dé Máirt an 3 Márta, bhí Muintearas ’26 á óstáil ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (BOOÉ), ceiliúradh náisiúnta dinimiciúil ar Ghuth an Scoláire i scoileanna lán-Ghaeilge san earnáil BOO. Thug an ócáid, a tionóladh in Óstán Chonnacht, Gaillimh, agus Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil, scoláirí agus múinteoirí le chéile faoin téama cumhachtach, “Ar bhFís don Todhchaí: Ceiliúradh ar Ghuth an Scoláire i scoileanna lán-Ghaeilge na mBord Oideachais agus Oiliúna.”
Rinneadh an ócáid a cheiliúradh le láithreacht Catherine Connolly, Uachtarán na hÉireann, a bhronn duaiseanna ar na scoileanna rannpháirteacha agus a labhair go fonnmhar leis na scoláirí le linn an lae.
Dúirt an tUachtarán Connolly faoin ócáid, “Tugann sé misneach agus dóchas dhom, mar Uachtarán na hÉireann, go bhfuil sé soiléir go dtuigeann na daoine óga chomh tábhachtach is atá sé meas a bheith mar bhunús d’aon idirghníomhaíocht daonna, go mbeadh muid ábalta glacadh go measúil le cúlraí agus féiniúlachtaí éagsúla, agus gurbh ón mbunchloch sin a fhásfaidh sochaí chneasta chineálta na Todhchaí.”
Léirigh Gean Gilger, Comhordaitheoir Mhuintearas ’26, tionchar na hócáide, “Léiríodh inniu an cumas urghnách atá ag daoine óga smaoineamh go criticiúil agus go comhbhách faoin domhan mórthimpeall orthu. Thug Muintearas ’26 deis chumhachtach do scoláirí plé bríoch a dhéanamh ar shaincheisteanna atá gar dá gcroí, trí mheán na Gaeilge, agus le muinín. Nuair a thuigeann scoláirí go bhfuil éisteacht á thabhairt dá gcuid smaointe ar leibhéal náisiúnta, neartaíonn sé ní hamháin a gcreideamh iontu féin, ach a gcreideamh i luach a dteanga agus a n-oideachais freisin. Bhí an fuinneamh sa seomra inniu spreagúil.”

