Cuireann na Treoirlínte seo leis na doiciméid bhunaidh contanam tacaíochta agus áirítear leo cás-staidéir, measúnú agus ábhair idirghabhála. I measc na n-ábhar acmhainne tá ábhair don seomra ranga agus d'idirghabhálacha aonair. Tá na hábhair deartha le híoslódáil nó le fótachóipeáil le húsáid ag múinteoirí, de réir mar is gá. Tá síceolaithe NEPS fós ar fáil chun tacú le scoileanna measúnú agus idirghabháil a dhéanamh ag baint úsáide as an gcur chuige contanaim seo.