Cuireann Breisoideachas agus Oiliúint nó FET réimse leathan roghanna oideachais ar feadh an tsaoil ar fáil do dhuine ar bith os cionn 16 bliana d'aois. Cuimsíonn FET printíseachtaí, cúrsaí oiliúna, cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC), oideachas pobail agus aosach chomh maith le croísheirbhísí litearthachta agus uimhearthachta. Cuirtear cúrsaí agus cláir FET ar fáil trí líonra an Bhoird Oideachais agus Oiliúna ar fud na tíre agus trí sholáthraithe áitiúla eile lena n-áirítear ar líne trí Ríomhcholáiste SOLAS. Cuirtear cúrsaí FET ar fáil ag leibhéil a haon go dtí a sé ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC).

Beartas Earnála

Cuireann BOOÉ forbairt agus cur i bhfeidhm beartas agus cleachtas cuí oideachais agus oiliúna chun cinn. Féach thíos na naisc le cuid de na straitéisí sin;