Is é príomhchuspóir na cáipéise seo treoir a chur ar fáil do scoileanna maidir le húsáid, eagrú agus imscaradh acmhainní breise teagaisc do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Cuirtear an treoir seo ar fáil i gcomhthéacs samhail athbhreithnithe chun acmhainní teagaisc oideachais speisialta a leithdháileadh atá á dtabhairt isteach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna (an Roinn) i Meán Fómhair 2017. Tá soláthar éifeachtach do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu suite laistigh de chreat cuimsitheach scoile uile a leagann béim ar theagasc agus ar fhoghlaim éifeachtach do chách agus ar chomhoibriú agus ar dhea-rannpháirtíocht idir scoileanna, tuismitheoirí/caomhnóirí agus scoláirí. Tá sé i gceist go dtógfaidh na treoirlínte seo ar an dea-chleachtas atá ann cheana i scoileanna agus chun cur leis an gcomhairle a thugtar i gCuimsiú Daltaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu: Treoirlínte Iar-bhunscoile (ROS, 2007).