Cur i láthair ón Seimineár chun léargas a thabhairt do rannpháirtithe ar riachtanais agus oibleagáidí nua maidir le Tús Áite do Leanaí 2017 agus Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna 2017. Chuir an tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015 dualgas reachtúil áirithe ar ghairmithe áirithe, lena n-áirítear múinteoirí cláraithe, dá ngairtear daoine sainordaithe san Acht. Is éard is dualgas reachtúil ann ná dualgas a fhorchuirtear le reachtaíocht.