• Catagóir an phoist: Podchraoladh

Ag filleadh ar an bhFoghlaim

Labhraíonn Emer agus Sarah le Liam Cleere, a raibh drochthaithí aige ar scoil ach a d'athraigh a shaol go hiomlán trí Oideachas Aosaigh i dTiobraid Árann BOO. Díreach ocht mbliana ó shin, d'fhéadfadh Liam beagán a léamh, ach ní raibh sé in ann a ainm féin a scríobh. Anois, tá sé ar tí leabhar a fhoilsiú.

Mar an gcéanna, d'athraigh Dolores Millea a saol chun feabhais trí pháirt a ghlacadh i bhFoghlaim Teaghlaigh tar éis di an scoil a fhágáil ag 13. Tá cúrsaí cócaireachta, garraíodóireachta agus adhmadóireachta déanta aici, agus i mbliana tá sé i gceist aici scileanna TF a fháil trí chúrsa ríomhaireachta.