Tá sé i gceist ag an Leabharlann Dhigiteach seo rochtain a sholáthar ar acmhainní digiteacha a thacaíonn le cleachtais teagaisc agus foghlama agus chun eispéireas oideachais d'fhoghlaimeoirí a fheabhsú. Cuirfidh an Leabharlann Dhigiteach acmhainní ar fáil chun tacú leis an bhfoghlaim chomh maith le huirlis tacaíochta a chur ar fáil do mhúinteoirí, d'oiliúnóirí agus do theagascóirí.
Is iad seo a leanas cuspóirí na Leabharlainne Digití:
- acmhainn chomhroinnte atá éifeachtach ó thaobh costais de a chur ar fáil do BOOanna
- chun rochtain agus taithí foghlaimeoirí a fheabhsú,
- méid, cáilíocht agus cuimsitheacht na n-acmhainní oideachais ar líne a mhéadú
- chinntiú go bhfuil na hacmhainní seo éasca le fáil amach agus le haisghabháil d'fhoghlaimeoirí agus don BOOanna.
Na príomhbhuntáistí a bhaineann le Leabharlann Dhigiteach don BOO I measc na hearnála beidh:
- acmhainní a bheith ar fáil d'fhorbairt clár nua
- rochtain a sholáthar d'fhoghlaimeoirí dáilte (thar limistéar geografach i bhfad i gcéin i gcás printíseachtaí náisiúnta),
- áis chun raon acmhainní foghlama éagsúla agus cothrom le dáta a ghiaráil a theastaíonn le haghaidh clár i samhail atá éifeachtach ó thaobh costais de don earnáil.