Tagraíonn oideachas pobail d'oideachas agus d'fhoghlaim aosach, lasmuigh den earnáil oideachais fhoirmiúil go ginearálta, a bhfuil sé mar aidhm aici foghlaim a fheabhsú, daoine a chumhachtú agus cur leis an tsochaí. Cuireann sé foghlaim phearsantaithe agus solúbthacht chun cinn laistigh den ghrúpa foghlama. Bíonn rannpháirtithe páirteach mar chomhpháirtithe comhionanna maidir le riachtanais a aithint, cláir a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, agus iad a oiriúnú ar bhonn leanúnach.

I measc spriocanna na hearnála oideachais pobail ní hamháin forbairt aonair ach dul chun cinn pobail freisin, go háirithe i bpobail imeallaithe.

Príomhghné de chláir oideachais pobail is ea go soláthraíonn siad na tacaíochtaí atá riachtanach do rochtain agus foghlaim rathúil, go háirithe treoir, meantóireacht, aiseolas leanúnach agus cúram leanaí.