Tá an tsamhail leithdháilte nua, atá ceaptha ag grúpa oibre a bhunaigh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) faoi chathaoirleacht Eamon Stack, Cathaoirleach na Comhairle, agus a d'fhorbair an Roinn Oideachais agus Scileanna tuilleadh i ndlúthchomhar le tuismitheoirí, múinteoirí, ionadaithe míchumais agus páirtithe leasmhara eile, dírithe ar thorthaí níos fearr a sholáthar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, agus ag dul i ngleic le héimeachothromaíocht fhéideartha na samhla reatha. Tá sé bunaithe ar riachtanas speisialta oideachais gach scoile a bhfuil próifíliú air.

Déanfaidh an tsamhail nua leithdháilte múinteoirí oideachais speisialta múinteoirí a leithdháileadh ar scoileanna ar bhonn riachtanais oideachais phróifílithe gach scoile. Cuirfidh sé seo deireadh leis an éagothroime atá sa chóras reatha, ionas nach mbeidh go leor tuismitheoirí in ann rochtain a fháil ar na measúnuithe a theastaíonn chun cáiliú d'acmhainní oideachais. Bhí tionchar diúltach ar leith aige seo ar leanaí ó cheantair atá faoi mhíbhuntáiste.

Beidh an tsamhail acmhainní nua ina bhealach níos cothroime agus níos fearr chun acmhainní a leithdháileadh. Is iad seo a leanas príomhbhuntáistí na samhla nua:

  • Bainfear bacainní ar rochtain a fháil ar acmhainní agus is féidir le leanaí a dteastaíonn tacaíocht uathu an tacaíocht sin a chur ar fáil láithreach seachas fanacht le diagnóis.
  • Nascfar acmhainní le fíorghá, agus ní dhéanfar leanaí a lipéadú gan ghá, nó go míchuí, chun rochtain a fháil ar acmhainní
  • Nascfar acmhainní go dlúth le riachtanais foghlama leanaí
  • Cinnteoidh sé go ndéanfar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a chomhtháthú i gceart sa scoil
  • Beidh scoileanna in ann acmhainní a leithdháileadh ar dhaltaí agus a riachtanais foghlama aonair á gcur san áireamh seachas diagnóis áirithe míchumais a éileamh.
  • Tacóidh sé le cuimsiú agus luath-idirghabháil

Tagann an cinneadh an tsamhail leithdháilte nua seo a chur i bhfeidhm, ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn ar aghaidh, tar éis an tsamhail a phíolótú go rathúil i 47 scoil le linn na scoilbhliana 2015/16. Chuir Cigireacht na Roinne Oideachais athbhreithniú ar an Scéim Phíolótach i gcrích. Ba é an tátal a baineadh as an athbhreithniú:

  • Tá an tsamhail nua faighte go dearfach ag scoileanna agus tuismitheoirí
  • Fáiltíonn scoileanna roimh an aistriú ó lipéadú neamhriachtanach leanaí d'fhonn acmhainní a fháil
  • D'fháiltigh scoileanna freisin nach gá dóibh fanacht le diagnóis a thuilleadh agus go n-éascaíonn sé seo idirghabháil ag céim níos luaithe bunaithe ar riachtanais a aithint sna scoileanna
  • Ina theannta sin, léirigh scoileanna go gcreideann siad gur tugadh tacaíocht mhaith dóibh chun freastal ar riachtanais leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu
  • D'admhaigh formhór na scoileanna go raibh feabhas tagtha ar a gcur chuige scoile uile le linn an phíolóta agus go raibh siad ag díriú ar dhaltaí ar bhealach níos éifeachtaí
  • Thuairiscigh scoileanna feabhsuithe ar a bpleanáil do scoláirí, comhoibriú níos fearr idir múinteoirí ranga agus tacaíochta agus rianú níos fearr ar dhul chun cinn na ndaltaí