'Ba cheart go mbeadh gach duine in Éirinn, is cuma cén cúlra atá acu, is cuma cén taithí oideachais atá acu, in ann bealach isteach san oideachas a aimsiú.' Sin de réir an Dr. Joseph Collins, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (BOOÉ) a thug an t-aitheasc oscailte ag an gComhdháil 'Pathways – Pathways to FET, Pathways in FET, Pathways from FET', i mBaile Átha Luain an tseachtain seo caite.

Bhí 250 toscaire i láthair ó na 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna réigiúnacha (BOOanna), chuir an t-imeacht dhá lá fáilte roimh shaineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta sa bhreisoideachas agus san oiliúint chun eolas agus dea-chleachtais a roinnt chun freastal ar riachtanais réimse éagsúil foghlaimeoirí.

Ag labhairt dó roimh an ócáid, dúirt an tAire Harris : "Le blianta beaga anuas d'oibríomar go dian dícheallach chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár ó thaobh an oideachais de. Is cuma cé tú féin, cad é do chúlra nó cad iad na leasanna atá agat gheobhaidh tú deis do chumas iomlán a bhaint amach. Is deis thráthúil í an chomhdháil seo, BOOanna ar na foghlaimeoirí ach freisin ar na pobail níos leithne a bhfreastalaíonn siad orthu, tá claochlú tagtha orthu. Is deis luachmhar í an ócáid dhá lá seo teacht le chéile chun foghlaim óna chéile, chun na dúshláin agus na deiseanna sa bhliain atá romhainn a phlé".

Labhair Triin Laasi Oige, ón Roinn Oideachais san Eastóin, leis an toscaireacht maidir le hathchóiriú gairmoideachais atá ar siúl san Eastóin faoi láthair, lena n-áirítear luach na foghlama i bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.

I measc na bpríomhchainteoirí eile ag an ócáid bhí:

  • An Dr. Justin Rami, Stiúrthóir an Ionaid Taighde Breisoideachais agus Oiliúna in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
  • David Jones, Cathaoirleach an Phainéil Idirnáisiúnta san Oifig Claochlaithe in DFHERIS.
  • Sonya Lennon, dearthóir, craoltóir, feachtasóir agus iar-fhoghlaimeoir FET.
  • David Delaney, údar agus cainteoir spreagúil, ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar: