Tá ról straitéiseach ag BOOÉ maidir le tacú leis na feidhmeanna tógála agus iad a fhorbairt ar fud na hearnála. Forbraíonn BOOÉ i gcomhairle leis na BOOanna agus leis an Roinn Oideachais & Scileanna (ROS), beartais agus treoirlínte dea-chleachtais don earnáil BOO agus tacaíonn sé le forbairt agus cur i bhfeidhm córas agus nósanna imeachta cuí don earnáil BOO de réir Threoirlínte Teicniúla na ROS agus rialacháin ábhartha eile.